An dara am a chuaigh sé anonn ag obair an bhliain ina dhiaidh sin. Bhí sé i nGlaschú ach ní raibh sin iontach maith, bhí sé ró chostasach agus chaití barraíocht airgid dá mbítí ag fanacht sa chathair. Bhí sé in East Kilbride agus Falkirk, ag stopadh in models. Obair phíopaí agus obair coincréite agus mar sin a bhí ar siúl aige.
00:05:13
An iascaireacht san am, ní raibh mórán scadán uilig ann cé go raibh go leor báid thart san am. Staid na hiascaireachta anois; tá an iascaireacht i mbuille a bheith thart anois, iascaireacht gliomach atá duine ná dhó a dhéanamh. Iascaireacht scadán a bhíodh ar siúl ach níl mórán anois. Bhíodh trioblóid iontach ag na fir le madaí scadáin. Bhíodh troisc ann fosta i ndiaidh na scadáin. Ach thosaigh na fir ag imeacht go hAlbain agus bhíodh na fir a bhí fágtha ag cóiriú na n-eangach i rith an gheimhridh agus ní rabhthar ag úsáid na mbád mórán i rith an gheimhridh. Ní raibh ainmneacha nó uimhreacha ar na báid an t-am sin ach tá anois.